about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Petrie, George

click to view fullsize



George Petrie (1790-1866)

Péintéir tírdhreacha in uiscedhath, bailitheoir den cheol dúchasach agus seandálaí a d’imir ról a raibh ról tábhachtach i gcaomhnú seandachtaí agus séadchomharthaí na tíre.

Rugadh George i mBaile Átha Cliath agus ba phéintéir portráidí, mionphortráidí agus greanadóir a athair James. Tháinig seisean anall as Abair Dheathainn in Albain. D’fhreastail George ar scoil líníochta an Dublin Society sa bhliain 1805 agus bhuaigh bonn inti ar son na múnlóireachta. Bhunaigh sé cairdeas le linn dó bheith ag staidéar le James Arthur O'Connor (1792-1841) agus Francis Danby (1793-61) nuair a bhí siadsan go léir ag foghlaim a gceirde. Dhéanaidís turasanna sceitseála le chéile ón mbliain 1808 ar aghaidh, i gCo.Bhaile Átha Cliath agus i gCo. Chill Mhanntáin go mór mór. Bhailíodh Petrie ceol ar na turasanna seo chomh maith.

Thug Petrie féin cuairt ar an mBreatain Bheag sa bhliain 1808. Thug Petrie a aghaidh ar Londain sa bhliain 1813 i gcuideachta Danby agus O’Connor ach níor éirigh go ró-mhaith leo ann. Nuair a tháinig ganntanas airgid orthu d’fhill Petrie ar Éirinn tar éis pictiúir a sheol a athair chuige a dhíol. Thapaigh sé an deis i Londain chun breathnú ar roinnt bhailiúcháin ealaíne. Thug O'Connor agus Danby a n-aghaidh ar Chathair Briostó. Siúl na gcos an modh taistil a bhí acu de cheal airgid. D’fhan Danby sa chathair sin nó bhí sé in ann a shaothair a dhíol ann agus d’fhill O’Connor ar Bhaile Átha Cliath tar éis dó iasacht airgid a fháil.

Bhíodh an-suim sna meán-aicmí ag tús an naoú céad sa taisteal agus in iarsmaí. Sheol George tírdhreacha de Ghleann Maoiliúra agus de Ghleann Dá Loch do taispeántas an Royal Academy thall i Londain. Níor sheol sé pictiúir anonn arís. D’ainneoin sin rinneadh fo-bhall den acadamh é agus rinneadh ball de sa bhliain 1828. Aithníodh bua ar leith ag Petrie chun maisiúcháin a dhéanamh. Bhíodh pictiúir ar crochadh ag Petrie i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy ó mbliain 1826 go dtí an bhliain 1858 agus rinneadh ball de de sa bhliain 1828.

Mhaisigh sé na leabhair Essays on Antiquities of Tara (1839), Tours of Ireland (1819) agus Beauties of Ireland (1825), Guides to Wicklow and to Killarney (1821 ) Essays on Antiquities of Tara (1839). Ó thaobh na seandálaíochta de ghnóthaigh a thráchtas Round Towers of Ireland meas Athair na Seandálaíochta in Éirinn dó.

Rinneadh ball den Royal Irish Academy of Ireland de sa bhliain 1828 as a thaighde agus tá a phortráid ó láimh James Sinton Sleator (1889-1950) fós ar crochadh in áras an acadaimh.

Rinne George obair thábhachtach i gcaomhnú an cheoil dúchasach. Foilsíodh The Petrie Collection of Ancient Music of Ireland sa bhliain 1855 agus Music in Ireland sa bhliain 1882.

Tugadh post leis an Suirbhéireacht Ordanáis dó sa bhliain 1830. Bhí sé ag obair ar an Dublin Penny Journal ón mbliain óns thús sa bhliain 1832 agus rinneadh eagarthóir de sa bhliain 1842. Ceapadh ina uachtarán ar an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1857. Fuair sé bás den bhfiabhras agus tá sé curtha i Reilg Mount Jerome i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint