about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Doyle, John

click to view fullsize



John Doyle, (1797-1868)

Péintéir a d’iompaigh ina línitheoir cáiliúl scigphictiúir i Sasana.

Rugadh John Doyle i mBaile Átha Cliath de theaghlach a tháinig ó Loch Garman. Caitlicigh a bhí sa teaghlach a chaill a dtaillte agus a tháinig anuas sa saol de dheasca na bPéindhlíthe.

Mangaire síoda a bhí ina athair agus cuireadh John ar Scoil Líníochta an Royal Dublin Society nuair a bhí sé an-óg. Chruthaigh sé go maith agus bhuaigh bonn sa bhliain 1805 nuair nach raibh sé ach ocht mbliana d’aois. Bhí Gaspare Gabrielli mar oide aige i scoil an Royal Dublin Society agus péintéireacha tírdhreacha ba chúram dó. Fuair sé teagasc i bpéintéireacht mionphortráidí ó John Comerford.

Bhí pictiúir de chapaill a bhí ar na chéad choimisiúin a fuair sé. Rinne sé ceann díobh don Tiarna Talbot an tArd-Leifteanant agus daoine eile den uaisleacht Ghallda. Ní raibh go leor coimisiúin ag teacht isteach go rialta chun tuarastal maith a dhéanamh dó. Dá bhrí sin d’imigh sé anonn go Londain sa bhliain 1821 agus é meáite ar phortráidí a phéinteáil ann.

Thriail sé seo ar feadh roinnt blianta agus thaispeáin a shaothar san Royal Academy. Tharraing a phictiúr An Carrfhia á chur Amach aird air i dtaispeántas na bliana 1825. Rinne sé go leor mionphortráidí chomh maith.

D’ainneoin sin ní raibh sé ag saothrú go leor airgid agus chas sé ar an liteagrafaíocht agus ar líníochtaí a dhéanamh ar son irisí agus nuachtáin. Fear déanta a bhí ann leis seo, leis an sraith de scigphictiúir a rinne sé do nuachtán an Times go mór mór idir na blianta 1829 agus 1851. Bhain seo cáil amach dó agus thug ioncam maith dó. Is faoin ainm H.B. a d’fhoilsigh sé iad agus d’éirigh leis a aitheantas féin a choiméad faoi cheilt go dtí an deireadh beagnach.

Níos mó ná sin bhí tionchar réabhlóideach ag a scigphictiúir ar an seánra sa Bhreatain. Bhain siad uile leis an bpolaitíocht ach ní dhearna sé díchumadh ná áibhéil iontu chun polaiteoirí a aoradh. Chleacht sé greann ciúin iontu chomh maith agus chuirfeadh sé alt mínithe leo go minic. Tharraing siad aghaidh an phobail agus aghaidh na bpolaiteoirí chomh maith. Rinne sé os cionn naoi gcéad díobh.

Fuair a bhean Marianna Conan a phós sé i mBaile Átha Cliath bás i Londain sa bhliain 1832 nuair a bhí sí ag tabhairt breithe dá seachtú páiste. Maisitheoir leabhar agus irisí a bhí ina mhac James William Edmund Doyle (1822-92); maistheoir agus déantóir scigphictiúir a bhí i Richard “Dicky” Doyle (1824-83). Bhí ‘Dicky’ Doyle ag obair don iris ‘Punch’ agus d’eirigh sé as de dheasca polasaí Frith-Chaitliceach na h-irise. Rinneadh siúrthóir ar an nGailearaí Náisiúnta de mhac eile Henry Edward Doyle, (1827-92) agus péintéir a bhí i Charles Altamont Doyle (1832-93), Bhí seisean ina athair air Arthur Conan Doyle an scríbhneoir a chruthaigh an carachtar liteartha Sherlock Holmes.

Fuair John Doyle bás thall i Londain.

An Pictiúr: John Doyle, Dónal (Ó Conaill) in Uaimh na Leon

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint